Cúil Mhín i gComórtas Díospóireachta
Coolmine in Regional Finals in Irish Debating
Tá triúr dhalta as an scoil i gCraobh na Soisear a mbeidh ar siúl i mBoyne Valley Hotel i nDroichead Átha, Co Lú ar an 15ú Feabhra. Seo iad na cáiliní atá ar fad sa tríú bliain; Caroline Hempenstall, Maurese Ní Ghargáin, agus Póla Ní Mhaoilmhín. Go dtí seo bhí an bua acu ar Mount Sackville, Castleknock C.C, St.Dominics Cabra agus Coláiste Bhríde. Seo mar a cheapann na cáiliní faoi na díospóireachtaí.
Ar dtús bhí an díospóireacht an-scranrúil domsa ag seasamh suas os comhair seomra lán de dhaoine-ní tharlóidh sé arís!! Ách táimid tar éis é a thosnú, agus is caitheamh aimsire iontach é. Scríobhann muid na díospóireachtaí trí Ghaeilge, agus tá sé iontach as Gaeilge-b’fhéidir fiú, níos fearr. Caithfidh muid cleachtadh agus foghlaim de ghlan mheabhair. Tá sé tábhachtach smaoineamh ar gach rud, do phearsantacht a chur isteach sa chomhrá, go bhfuil tú compordach leis an gcaint, srl. Labhraíonn muid ar feadh trí nóimead an duine, agus ansin cloiseann tú an clog-faoi dheireadh! Mothaíonn tú gach rud ó eagla go sásamh. Is tusa an duine is tábhachtaí ag an am agus is iontach an rud é, gach duine ag éisteacht leat agus ag féachaint ort.
Is obair an-dian í. Scríobhann muid na díospóireachtaí le cabhair Maistir Ó Conbhuí (Mr Conway) agus cleachtaíonn muid go minic. Caithfidh muid smaoineamh ar argóintí na bhfoirne eile. Is féidir aon rud a chruthú uaireanta! Is féidir a rá is beag rudaí atá foirfe. Seo sampla na ruin a bhí againn go dtí seo “is saoranaithe maithe iad aos óg na tire seo’ agus “tá reiligiúin fós tábhachtach i saol an duine óg”. Baineann muid go leor craic agus spraoi as na díospóireachtaí. Is cuma anois céard a dtarlóidh mar is iontach an rud go bhfuil muid sa Craobh Réigiúnach. (The All Ireland still would be nice!!!)
Níl aon dabht ách go gcuireann na cáiliní go leor oibre isteach ar na ruin agus fair play dóibh. Go n-éirí an t-ádh leo sa chomórtas. COME ON COOLMINE