|
Is cuid lárnach de chultúr na hÉireann í an Ghaeilge agus tá aitheantas bainte amach aici mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Ní mór í a shaothrú chun saibhreas oidhreacht na tíre a bhlaiseadh. Deantar scileanna cumarsáide a chothú, rud a chabhraíonn le daltaí sa saol amach anseo.
An Cúrsa Ardteiste
Forbraítear na scileanna cumarsáide – éisteacht, labhairt, scríobh agus léitheoireacht san áireamh.
Éisteacht
Tá sé d’aidhm ag an gcursa go dtuigfeadh an dalta an Ghaeilge sa saol laethuil timpeall orthu. Éistear le fograí, comhráite agus piosai nuachta. Is fiú 30% de na marcanna ían chluastuiscint don dalta bonnleibheil, 20% don dalta gnáthleibhéil agus 17% don dalta ardleibhéil.
Labhairt
Ba chóir go mbeadh gach dalta ábalta gnáthchomhrá a dhéanamh ag deireadh an chúrsa. Is fiú 25% de na marcanna é an scrúdú béil.
Léitheoireacht
Déantar píosaí iriseoireachta a shaothrú maille le prós agus filíocht na tíre. Tá léargas ar stair shóisialta agus béaloideas na hEireann i gceist anseo freisin. Ní chlúdaítear litríocht sa chúrsa bonnleibhéil.
Scríobh
Tá sé de chuspóir ag an gcúrsa go mbeadh an dalta bonnleibhéil ábalta scéal gearr a scríobh. Chomh maith le sin ba chóir go mbeadh an dalta gnáthleibhéil in ann litir agus comhrá a scríobh. Ba cheart don dalta ardleibhéil a bheith in ann aiste, scéal, alt nuachtáin agus díospóireacht a scríobh. Gan dabht, tá cruinneas sa ghramadach lárnach sa ghné seo den chúrsa.
Slí Beatha
Tá pas gnáthleibhéil ag teastáil chun áit a sholáthar ar fhormhór na gcursaí in N.U.I. Is feidir pas sa Ghaeilge a usáid in áit an Bhéarla do choláisti D.I.T. agus I.T.Tá neart cursaí éagsúla ag baint le gnó nó riomhaireacht srl. ar fáil trí mheán na Gaeilge anois.
Cuídionn líofacht sa Ghaeilge le réimse leathan postanna mar shampla an stát seirbhís, banaltracht, múinteoireacht, na gardaí, iriseoireacht, foilsitheoireacht, craoltóireacht agus aon phost eile a bhaineann le cursaí oidhreachta.
Bainfidh daltaí ar speis leo teangacha, cumarsáid agus cultúr na hÉireann idir thairbhe agus thaitneamh as an gcúrsa seo. Go n-éirí libh!
Click here for an English translation. |